Comhlacht neamhspleách is ea an Coimisiún Reifrinn a cuireadh ar bun le dlí lena chinntiú go mbeidh eolas agaibhse, na vótálaithe, faoi na saincheisteanna atá i gceist sa reifreann atá le teacht faoi Chonradh Liospóin. Chomh maith le heolas neamhchlaonta a sholáthar, is é ról an Choimisiúin Reifrinn ná thú a spreagadh le dul amach agus vótáil ar lá an reifrinn.
Má thagann an Conradh i bhfeidhm, athróidh sé an bealach a dhéanfar an tAontas Eorpach a rialú agus a fheidhmiú. Rachaidh sé i bhfeidhm ortsa mar sin. Tá sé de cheart agaibhse, na vótálaithe, cinneadh a dhéanamh faoin tsaincheist thábhachtach seo: mura léann tú eolas faoin gConradh agus mura vótálann tú, is daoine eile a dhéanfaidh an cinneadh duit ansin.
Sa website seo, féachann an Coimisiún Reifrinn lena mhíniú, i bhfocail chomh simplí agus is féidir:
• céard atáthar ag iarraidh ort a chinneadh sa reifreann;
• céard atá i gceist leis an gConradh.
Beidh daoine eile ag argóint ar son vóta Sea nó Ní hea. Ní hé ról an Choimisiúin Reifrinn ceachtar díobh a áiteamh ar dhaoine ach go díreach a bhfuil i gceist leis an reifreann a mhíniú agus thú a spreagadh le vótáil. Is éard atá san ábhar seo a leanas ná achoimre ar na príomhathruithe.



