Lisbon Treaty 2008 Home Lisbon Treaty 2008 What it's About Lisbon Treaty 2008 EU at Present Lisbon Treaty 2008 Check the Register
 


Dhéanfaí roinnt athruithe ar bheartais agus ar ghníomhaíochtaí an AE de thoradh an Chonartha Liospóin.


A. Réimsí Inniúlachta
B. Réimsí a bhfuil sé de rogha ag Éirinn toiliú le nó staonadh ó bheith páirteach i gcinntí ina leith
C. Reiligiún
D. Comhbheartas Eachtrach agus Slándála
E. Cúnamh Frithpháirteach
F. Clásal Dlúthpháirtíochta
G. Cairt um Chearta Bunúsacha

A. Réimsí Inniúlachta


Tá sé d’inniúlacht ag an AE beartais a chinneadh agus dlíthe a dhéanamh sna réimsí sin a leagtar amach sna conarthaí agus sna réimsí sin amháin. Is mar seo a bhí sé i gcónaí..

Tá sé beartaithe leis an gConradh go sonrófaí cé aige a bhfuil sé de chumhacht nithe áirithe a dhéanamh trí na réimsí a liostú ina bhfuil:


• inniúlacht eisiach ag an AE – ciallaíonn sé seo go gcaithfear na cinntí a dhéanamh ar leibhéal an AE agus ní ar leibhéal rialtais náisiúnta;
• comhinniúlacht ag an AE agus ag rialtais náisiúnta;
• inniúlacht eisiach ag na rialtais náisiúnta ach féadfaidh an tAE tacaíocht a thabhairt agus cabhrú le comhordú a dhéanamh.

Inniúlacht Eisiach an AE


Deirtear sa Chonradh Liospóin go bhfuil inniúlacht eisiach ag an AE i roinnt réimsí lena n-áirítear an t-aontas custaim, na rialacha iomaíochta a bhunú, atá riachtanach go bhfeidhmeoidh an margadh inmhéanach, agus an beartas airgeadaíochta do na Ballstáit arb é an euro a n-airgeadra.

Comhinniúlacht an AE agus na mballstát


Deirtear sa Chonradh Liospóin go bhfuil comhinniúlacht ag an AE agus ag na Ballstáit i roinnt réimsí lena n-áirítear an margadh inmheánach, an talmhaíocht, an comhshaol agus tomhaltóirí a chosaint.

Inniúlacht Eisiach ag na Ballstáit ach bheadh inniúlacht ag an AE le tacú le gníomhartha Ballstáit


Deirtear sa Chonradh Liospóin go mbeadh sé d’inniúlacht ag an AE gníomhartha a dhéanamh chun tacú le gníomhartha na mBallstáit i réimsí áirithe, lena n-áirítear sláinte an duine, an earnáil tionscail, an cultúr, an turasóireacht agus an t-oideachas, agus na gníomhartha sin a chomhordú nó a fhorlíonadh.

Athruithe ar inniúlacht


Thabharfadh an Conradh Liospóin comhinniúlacht le Ballstáit don AE i roinnt réimsí nua. Tá an fuinneamh agus roinnt gnéithe den chomhshaol agus den tsláinte phoiblí san áireamh leo seo. Níl sé beartaithe leis an gConradh go dtabharfar aon inniúlacht eisiach nua don AE.

B. Réimsí a bhfuil sé de rogha ag Éirinn toiliú le nó staonadh ó bheith páirteach i gcinntí ina leith


Níl Éire faoi oibleagáid páirt a ghlacadh i gcinntí nó a bheith faoi cheangal cinntí sa réimse a dtugtar “Réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais” air. Clúdaíonn sé seo saincheisteanna ar nós an tearmainn, na hinimirce, rialuithe teorainneacha, an comhoibriú breithiúnach i gcúrsaí coireachta agus comhoibriú na bpóilíní.

Féadfaidh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe cinneadh a dhéanamh le bheith páirteach i saincheisteanna áirithe - féadfaidh siad toiliú le nó staonadh ó bheith páirteach i gcinntí áirithe. Bhí an socrú speisialta seo d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe ann ó tháinig na réimsí seo faoi chuimsiú shainchúram an AE in 1999. Go praiticiúil, thoiligh Éire le bheith páirteach i roinnt cinntí, mar shampla, i ndáil le cúrsaí tearmainn agus an chomhoibrithe breithiúnaigh agus níor bhain Éire feidhm as a ceart le toiliú le bheith páirteach i gcinntí eile, rialuithe teorainnacha, mar shampla.

TForáiltear leis an gConradh go leanfaidh an socrú sin ar aghaidh d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe, is é sin, go bhféadfaidh siad staonadh ó bheith páirteach i gcinntí áirithe. Tá dearbhú, nach bhfuil ina cheangal dlí, eisithe ag Éirinn go bhfuil sí ag beartú le toiliú le bheith páirteach i gcinntí sa réimse seo a oiread agus is féidir agus le hathbhreithniú a dhéanamh faoi cheann trí bliana ar an gclásal iomlán, maidir lena ceart le staonadh ó bheith páirteach i gcinntí áirithe.

Tá sé beartaithe i bhfoclaíocht an leasú atá beartaithe ar an mBunreacht go gceadófar d’ Éirinn toiliú le bheith páirteach i gcinntí áirithe tar éis don Dáil agus Seanad sin a cheadú, agus ina dhiaidh sin amháin (d’fhágfadh seo go leanfadh an ceanglas reatha atá sa bhunreacht ar aghaidh). Ceadaítear leis sin go mbeidh Éire in ann tarraingt siar go hiomlán ón gceart le staonadh ó bheith páirteach i gcinntí áirithe, arís, sa chás go gceadaíonn an Dáil agus an Seanad sin roimh ré agus sa chás sin amháin.

C. Reiligiún


Deirtear i gConradh Liospóin go bhfuil meas ag an AE ar an stádas atá ag eaglaisí agus cumainn nó comhphobail reiligiúin sna Ballstáit faoi dhlíthe náisiúnta. Deirtear ann freisin go bhfuil meas comhionann ag an AE ar an stádas atá ag eagraíochtaí fealsúnachta agus neamhreiligiúin faoi dhlíthe náisiúnta agus go gcoinneodh sé comhphlé oscailte, trédhearcach agus rialta ar bun leis na heaglaisí agus eagraíochtaí seo. Deirtear freisin sa Chonradh go dtarraingíonn an tAE ionspioráid as oidhreacht chultúrtha, reiligiúnda agus dhaonnachach na hEorpa.

D. Comhbheartas Eachtrach agus Slándála


Clúdaíonn Comhbheartas Eachtrach agus Slándála beartais eachtracha agus beartais chosanta. Caithfear na príomhchinntí sa réimse seo a dhéanamh d’aontoil. D’fhágfadh an t-athrú atá beartaithe ar an mBunreacht go leanfaí ar aghaidh leis na socruithe reatha maidir le neodracht mhíleata na hÉireann.

E. Cúnamh Frithpháirteach


Foráiltear leis an gConradh go bhfuil oibleagáid ar Bhallstáit cabhrú le agus cúnamh a thabhairt do Bhallstát eile arb íospartach fogha armtha é. Is amhlaidh seo ionas go mbeifear de réir Chairt na Náisiún Aontaithe. Ní shonraítear an cineál cúnaimh agus cabhrach atá riachtanach. Luaitear go sonrach nach ndéanfaidh an cúnamh frithpháirteach dochar do thréithe sonracha a ghabhann leis an mbeartas slándála agus cosanta atá ag Ballstáit áirithe lena n-áirítear beartas na hÉireann maidir leis an neodracht.

F. Clásal Dlúthpháirtíochta


Clásal is ea é seo sa Chonradh lena ndeirtear go bhfuil oibleagáid ar Bhallstáit cabhrú lena chéile más íospartach ionsaí sceimhlitheora, nó tubaiste nádúrtha nó tubaiste ar duine is cúis léi, ceann acu. Chaithfeadh an Chomhairle na mionsonraí beachta, a bhainfeadh leis an gcomhoibriú seo, a chomhaontú d’aontoil.

G. Cairt um Chearta Bunúsacha


Tá sé beartaithe leis an gConradh go dtabharfar an luach dlíthiúil céanna do Chairt an Aontais um Chearta Bunúsacha agus atá ag na príomhchonarthaí.

Ábhar na Cairte


Liostaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha na cearta sibhialta, polaitíochta, sóisialta agus eacnamaíochta a aithníonn an tAE. Liostaítear iad seo faoi na teidil seo: an Dínit, Saoirsí, an Comhionannas, an Dlúthpháirtíocht, Cearta Saoránach, agus an Ceartas. Tá prionsabail shonracha i bhfeidhm le haghaidh grúpaí sonracha ar nós daoine breacaosta, leanaí agus daoine le míchumais.

Éifeacht na Cairte


Tá sé beartaithe go mbeidh an Chairt i bhfeidhm le haghaidh fhorais, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an AE agus le haghaidh na mBallstát agus dlí an AE á chur i ngníomh acu. Deirtear sa Chonradh nach leathnaítear an réimse, a bhfeidhmítear dlí an AE ina leith, leis an gCairt ná ní thugtar aon réimse nua inniúlachta don AE leis an gCairt.

Ní cearta absalóideacha na cearta a leagtar amach sa Chairt. Foráiltear le haghaidh roinnt díobh i mBunreacht na hÉireann, agus/nó i ndlí an AE agus/nó i gCoinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine cheana féin.

Ráitis phrionsabail seachas cearta sonracha atá i roinnt acu. Luaitear go bhfuil roinnt díobh faoi réir ag, arna rialáil ag, nó de réir dlíthe náisiúnta. Braitheann éifeacht beacht na Cairte ar an gceart a glaodh, ar na teorainneacha atá air, ar an mbealach a gcosnaítear leis an gCairt é agus ar inniúlacht an AE sa réimse atá i gceist.

Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine


Tá Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine daingnithe ag na Ballstáit ar fad. Tá sé beartaithe leis an gConradh go ngéillfidh an tAE féin (is é sin, ní díreach na Ballstáit) don Choinbhinsiún sin. Má tharlaíonn an géilleadh sin, cheanglófaí ar an AE, ina ghníomhaíochtaí ar fad, géilleadh do Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine.

D’fhéadfadh daoine aonair, a chreideann gur sháraigh an tAE a gcearta faoin gCoinbhinsiún, cás in aghaidh an AE a thabhairt os comhair Chúirt na hEorpa um Chearta an Duine ansin.

Large Text Size Medium Text Size Small Text Size
 
Lisbon Treaty 2008 Download the Treaty Lisbon Treaty 2008 History Lisbon Treaty 2008 Terms Explained Lisbon Treaty 2008 Referendum Commission