Lisbon Treaty 2008 Home Lisbon Treaty 2008 What it's About Lisbon Treaty 2008 EU at Present Lisbon Treaty 2008 Check the Register
 



Athruithe atá Beartaithe – Coimisiún Eorpach


Faoi láthair, ainmníonn gach Ballstát comhalta amháin den Choimisiún. Ceapfar Coimisiún nua in 2009 ar feadh téarma cúig bliana le comhalta amháin ó gach Ballstát.

Má thagann an Conradh i bhfeidhm, dhá thrian de na Ballstáit a ainmneoidh Coimisinéir in 2014 ansin. Tá 27 mballstát ann faoi láthair. Mar sin, má fhanann líon na mBallstát mar an gcéanna, beidh 18 gCoimisinéir ann sa tréimhse 2014 – 2019.

Cuirfear an ceart le Coimisinéir a ainmniú thart timpeall na mBallstát ar bhonn cothrom. Ciallaíonn sé seo go n-ainmneoidh gach Ballstát comhalta den Choimisiún le haghaidh dhá cheann as gach trí Choimisiún (is é sin, 10 gcinn as gach timthriall 15 bliana). Tá na mionsonraí beachta fós le cinneadh maidir leis an mbealach a fheidhmeofar seo go praiticiúil. Ag Coimisinéir amháin a bheidh post nuachruthaithe an Ardionadaí don Bheartas Gnóthaí Eachtracha agus Slándála.

Athruithe atá Beartaithe – Comhairle (na nAirí)



Cruinnithe


Faoi láthair, déanann an Chomhairle cinntí i ndáil phríobháideach agus réachtálann roinntí díospóireachtaí faoi bheartais go poiblí. Má dhaingnítear Conradh Liospóin, tionólfar an Chomhairle go poiblí nuair a bheidh díospóireacht á dhéanamh faoi dhlí agus é á cheadú.

Vótáil sa Chomhairle


Faoi láthair, caithfear roinnt cinntí de chuid na Comhairle a dhéanamh d’aontoil agus déantar cinntí eile le Vótáil Tromlaigh Cháilithe (VTC). Faoi chóras na VTC, tugtar ualú do vóta gach Ballstát. Ní go díreach i gcomhréir leis an daonra a bhíonn sé seo. Tugann na socruithe ualúcháin cion níos mó, ná a thuillfí i bhfianaise a ndaonra más socrú comhréireach díreach a bhí ann, do thíortha atá níos lú.

Má thagann an Conradh i bhfeidhm:


• mhéadófaí líon na réimsí a mbeidh VTC i bhfeidhm lena n-aghaidh;
• d’athrófaí an córas vótála laistigh den Chomhairle ó 2014dá thoradh.

Réimsí a bhfuil Vótáil Tromlaigh Cháilithe i bhfeidhm lena n-aghaidh


Faoi láthair, tá VTC i bhfeidhm le haghaidh cinntí maidir le raon leathan saincheisteanna, lena n-áirítear an talmhaíocht, rialacha iomaíochta, tomhaltóirí a chosaint, an comhshaol agus an comhoibriú breithiúnach i gcúrsaí coireachta. Tá sé beartaithe go gcuirfear VTC i bhfeidhm le haghaidh roinnt réimsí nua – tá an fuinneamh, an tearmann, an inimirce, an comhoibriú breithiúnach i gcúrsaí sibhialta agus an spórt san áireamh leis na réimsí seo.

Leanfar ar aghaidh le cinntí áirithe a dhéanamh d’aontoil – tá cinntí maidir le cosaint agus cánachas san áireamh leo siúd. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh aon Bhallstát athrú atá beartaithe sna réimsí seo a chrosadh.

Athruithe laistigh den Vótáil Tromlaigh Cháilithe


Faoi láthair, tá vóta ualaithe ag gach ballstát mar seo a leanas:


An Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ríocht Aontaithe
29
an ceann
An Spáinn, an Pholainn
27
an ceann
An Rómáin
14
An Ísiltír
13
An Bheilg, Poblacht na Seice, an Ghréig, an Ungáir, an Phortaingéil
12
an ceann
An Ostair, An Bhulgáir, an tSualainn
10
an ceann
An Danmhairg, an Fhionlainn, Éire, an Liotuáin, an tSlóvaic
7
an ceann
An Chipir, an Eastóin, Laitvia, Lucsamburg, an tSlóivéin
4
an ceann
Málta
3
Iomlán
345


Bíonn 255 vóta ualaithe riachtanach faoi láthair le haghaidh Tromlaigh Cháilithe – sin beagnach 74% den iomlán. D’fhanfaidh an córas seo i bhfeidhm go dtí 2014.

Má dhaingnítear an Conradh, ó 2014 ar aghaidh, le haghaidh tromlaigh cháilithe (a bhfuil tromlach dúbailte le tabhairt air freisin), caithfidh cinntí dhá choinníoll a chomhlíonadh:

a) caithfidh 55% de na Ballstáit toiliú leo: ciallaíonn sé sin, mar shampla, cé go bhfuil 27 mBallstát ann, go gcaithfidh 15 Bhallstát toiliú leo;
b) caithfidh gurb ionann na Ballstáit sin atá ag tacú leis an gcinneadh agus 65% de dhaonra an AE.

Lena chois sin, caithfidh ceithre Bhallstát ar a laghad a bheith i gcoinne cinnidh má táthar le bac a chur leis. Cinntíonn sé seo nach féidir bac a chur le cinntí toisc go bhfuil díreach 3 chinn, de na Ballstáit atá níos mó, ag gníomhú le chéile.

Más lú ná 4 líon na mBallstát atá i gcoinne cinnidh, measfar gur sroicheadh an tromlach cáilithe fiú mura comhlíonadh an critéar ó thaobh an daonra.

Uachtaránacht na Comhairle


Leanfaidh an tUachtaránacht rothlach 6 mhí atá ann faoi láthair, ar aghaidh le haghaidh gach Comhairle seachas an Chomhairle Ghnóthaí Eachtracha, a mbeidh an tArdionadaí don Bheartas Gnóthaí Eachtracha agus Slándála ina c(h)athaoirleach uirthi.


Athruithe atá Beartaithe – Comhairle Eorpach (Ceannairí Rialtais)


Bíonn ceannaire rialtais nó stáit an Bhallstáit a bhfuil Uachtaránacht 6 mhí an AE aici ina c(h)athaoirleach ar an gComhairle Eorpach ar bhonn rothlach faoi láthair. Forálann an Conradh le haghaidh poist nua - Uachtarán na Comhairle Eorpaí. An Chomhairle Eorpach a thoghfaidh an tUachtarán (le tromlach cáilithe) ar feadh dhá bhliain go leith agus féadfar é nó í a atoghadh uair amháin ar feadh téarma comhchosúil. Bheadh an tUachtarán ina c(h)athaoirleach ar obair na Comhairle Eorpaí agus chomhordódh sé nó sí an obair sin.

Athruithe atá Beartaithe – Parlaimint na hEorpa


Leathnófaí cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, le cinntí a dhéanamh, de thoradh an Chonartha Liospóin.

Faoi láthair, déanann Parlaimint na hEorpa cinntí i gcomhar leis an gComhairle i roinnt réimsí, mar shampla, i ndáil le tomhaltóirí a chosaint agus saincheisteanna comhshaoil. Tugtar an comhchinneadh air seo. Má thagann an Conradh i bhfeidhm, bheadh an comhchinneadh i bhfeidhm le haghaidh roinnt réimsí nua. Tá an talmhaíocht, an tearmann, an inimirce, an comhoibriú breithiúnach i gcúrsaí coireachta agus sibhialta, agus bearta a bhaineann leis an margadh inmheánach san áireamh leo seo.

Faoi láthair, tá comhchumhachtaí deánta cinntí ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle maidir le formhór Bhuiséad an AE ach is ag an gComhairle a bhíonn an focal deiridh maidir le míreanna caiteachais áirithe.

Má thagann an Conradh Liospóin i bhfeidhm, beidh comhchumhachtaí déanta cinntí ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle maidir leis an mBuiséad Eorpach ar fad ansin.

Athruithe atá Beartaithe – Ról Parlaimintí Náisiúnta


Faoi láthair, ní bhíonn parlaimintí náisiúnta páirteach go díreach i gcinnteoireacht an AE. Má thagann an Conradh i bhfeidhm, beidh 8 seachtaine ag parlaimintí náisiúnta ansin – an Dáil agus Seanad i gcás na hÉireann – tar éis do mholadh de chuid an AE maidir le reachtaíocht a bheith foilsithe, leis an moladh sin a ghrinnfhiosrú agus tuairim a chur ar fáil. Má chuireann roinnt parlaimintí náisiúnta i gcoinne an mholta, caithfear athbhreithniú a dhéanamh air.

Bíonn dhá vóta ag gach parlaimint náisiúnta; bíonn vóta an ceann ag an Dáil agus ag an Seanad. Caithfidh an t-athbhreithniú tarlú má iarrann aon trian de na parlaimintí náisiúnta é seo; i gcás an chomhoibrithe bhreithiúnaigh i gcúrsaí coireachta agus chomhoibriú na bpóilíní, bheadh an ceathrú cuid de na parlaimintí náisiúnta in ann athbhreithniú a éileamh. Thabharfadh an Conradh ról sonrach do pharlaimintí náisiúnta freisin i ndáil le hathruithe atá beartaithe ar na Conarthaí.

Athruithe atá Beartaithe – Cumhacht leis na Conarthaí a Athrú


Faoi láthair, is iad na Ballstáit a thoilíonn le conradh leasaitheach a leasaíonn na Conarthaí lena rialaítear an tAE agus na Ballstáit sin amháin a cheadaíonn na Ballstáit de réir thraidisiúin a mbunreachta fein. Bíonn ceadú parlaiminte i gceist leis seo i mbeagnach gach cás. D’fhéadfadh reifreann a bheith riachtanach i roinnt cás, in Éirinn mar shampla.

á sé beartaithe le Conradh Liospóin anois go dtabharfar de chumhacht don Chomhairle Eorpach athruithe a mholadh ar chodanna áirithe de na Conarthaí rialaithe. Ní féidir le haon athruithe den sórt sin inniúlacht an AE a mhéadú. Caithfidh na Comhairle Eorpach (Ceannairí Rialtais) aon mholtaí den sórt sin a chomhaontú d’aontoil. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh aon rialtas náisiúnta moladh den sórt sin a chrosadh. Má chomhaontaíonn an Chomhairle Eorpach athrú atá beartaithe, caithfidh na Ballstáit é a dhaingniú de réir a dtraidisiún bunreachta féin ionas go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ansin. D’fhéadfadh reifreann a bheith riachtanach lena aghaidh seo in Éirinn faoi mar a tharlaíonn faoi láthair. Tá sé beartaithe le Conradh Liospóin chomh maith go dtabharfar de chumhacht don Chomhairle Eorpach na Conarthaí a leasú ionas go ligfí don Vótáil Tromlaigh Cháilithe feidhmiú i réimsí áirithe a mbíonn aontoilíocht riachtanach ina leith anois. Tabharfaidh sé de chumhacht dóibh an Gnáthnós Imeachta maidir le Reachtaíocht a fheidhmiú i réimsí áirithe a bhfuil Nós Imeachta Speisialta maidir le Reachtaíocht i bhfeidhm lena n-aghaidh faoi láthair. Caithfidh an Chomhairle Eorpach aon mholtaí den sórt sin a chomhaontú d’aontoil. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh aon rialtas náisiúnta moladh den sórt sin a chrosadh.

Má chomhaontaíonn an Chomhairle Eorpach moladh atá beartaithe, féadfaidh aon pharlaimint náisiúnta bac a chur ar na hathruithe seo a bheith ag teacht i bhfeidhm. Faoin leasú atá beartaithe a dhéanamh ar Bhunreacht na hÉireann, bheadh ceadú na Dála agus an tSeanaid riachtanach go dtoileodh Éire le hathruithe den sórt sin a bheadh beartaithe. Ní bheadh reifreann riachtanach in Éirinn le haghaidh athruithe den sórt sin.

Ní théann an cumhacht le haistriú ón aontoilíocht go dtí Vótáil Tromlaigh Cháilithe nó ón nGnáthnós Imeachta maidir le Reachtaíocht go dtí Nós Imeachta Speisialta maidir le Reachtaíocht chomh fada le saincheisteanna ó thaobh cúrsaí míleata agus cosanta. D’fhéadfadh sé a bheith i bhfeidhm le haghaidh an chánachais, mar shampla, réimse a bhfuil aontoilíocht riachtanach ina leith faoi láthair. Faoi mar a leagadh amach nios luaithe sa leabhrán, afach, d’fhéadfadh rialtas na hÉireann aon athrú den sórt sin a bheadh beartaithe a chrosadh.

Athruithe atá Beartaithe - Nósanna imeachta sonracha


Tá sé beartaithe leis an gConradh go n-aithainmneofar an nós imeachta chomhchinnidh seo agus “Gnáthnós Imeachta maidir le Reachtaíocht” a thabhairt air. Tá sé beartaithe freisin go n-aithainmneofar na nósanna imeachta sonracha maidir le cinntí a dhéanamh agus “Nósanna Imeachta Speisialta maidir le Reachtaíocht” a thabhairt orthu. Tá sé beartaithe leis an gConradh freisin go leathnófar an Gnáthnós Imeachta maidir le Reachtaíocht amach chuig roinnt réimsí nua.

Cad é an Gnáthnós Imeachta maidir le Reachtaíocht?


Is é seo an téarma a úsáidtear i gConradh Liospóin chun cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas lena ndéanann an Coimisiún moltaí le haghaidh beartas agus dlíthe agus lena ndéanann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa cinntí maidir leis na moltaí sin i gcomhar lena chéile. Tagann sé in ionad an téarma "Comhchinneadh".

Cad iad na Nósanna Imeachta Speisialta maidir le Reachtaíocht?


Is é seo an téarma a úsáidtear sa Chonradh chun cur síos a dhéanamh ar na nósanna imeachta sa chás nach n-úsáidtear an gnáthnós imeachta maidir le reachtaíocht ina leith. Baineann siad le réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Shlándála go príomha. An Chomhairle a dhéanann na cinntí agus b’fhéidir go gcaithfear dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa i roinnt cás.

Tionscnamh ó Shaoránaigh


Tá sé beartaithe leis an gConradh Liospóin go ligfeadh tionscnamh ó shaoránaigh do mhilliún saoránach ar a laghad ó líon suntasach Ballstát iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a thabhairt ar aghaidh maidir le saincheist áirithe. Bheadh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún an moladh a bhreithniú. Tá na mionsonraí maidir leis an mbealach a d’fheidhmeofaí seo fós le cinneadh.

Large Text Size Medium Text Size Small Text Size
 
Lisbon Treaty 2008 Download the Treaty Lisbon Treaty 2008 History Lisbon Treaty 2008 Terms Explained Lisbon Treaty 2008 Referendum Commission