Conas a dhéanann an tAE dlíthe faoi láthair
Is mar seo a leanas an gnáthbhealach a dhéantar dlíthe an AE: déanann an Coimisiún moladh; pléann Comhairle (na nAirí) agus Parlaimint na hEorpa é agus féadfaidh siad araon athruithe a dhéanamh; déanann an Chomhairle agus an Pharlaimint an cinneadh deiridh i gcomhar lena chéile ansin (tugtar "nós imeachta an chomhchinnidh" ar seo). Tá nósanna imeachta sonracha ann maidir le cinntí a dhéanamh i ndáil leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus is í an Chomhairle aisti féin a dhéanann cinntí sa chás sin.
An Coimisiún Eorpach
Tá an Coimisiún comhdhéanta de chomhalta amháin arna ainmniú ag gach Ballstát ach tá sé neamhspleách ar na Ballstáit. Is é a ról ná beartais agus dlíthe a mholadh, cinntí an AE a chur i ngníomh agus cinntiú go ngéilleann Ballstáit do dhlí an AE.
Comhairle (na nAirí)
Tá an Chomhairle comhdhéanta d’aire rialtais amháin ó gach Ballstát. Bíonn ionadaíocht ag gach Ballstát tríd an aire atá freagrach as an ábhar atá á phlé de ghnáth. Mar shampla, tá an Chomhairle Talmhaíochta comhdhéanta de na hAirí Talmhaíochta agus mar sin de. Déanann an Chomhairle na cinntí deiridh maidir le reachtaíocht aisti féin nó agus í ag comhoibriú le Parlaimint na hEorpa.
Parlaimint na hEorpa
Bíonn Comhaltaí na Parlaiminte Eorpaí (Feisirí Eorpacha) á dtoghadh ag na daoine atá incháilithe le vótáil sna Ballstáit go díreach. Glacann an Pharlaimint le reachtaíocht i gcomhar leis an gComhairle i roinnt réimsí agus téann an Chomhairle i gcomhairle léi sula nglactar leis an reachtaíocht i roinnt réimsí eile. Tá feidhmeanna maoirseachta áirithe aici thar an gCoimisiún Eorpach.
An Chomhairle Eorpach (Ceannairí Rialtais)
Tá an Chomhairle Eorpach comhdhéanta de cheannairí rialtais nó stáit gach Ballstát in éineacht le hUachtarán an Choimisiúin. An Chomhairle Eorpach a thugann an treoir fhoriomlán, ó thaobh na polaitíochta, don AE.



