• go mbeidh Éire in ann Conradh Liospóin a dhaingniú;
• o mbeidh Éire in ann toiliú le cinntí áirithe i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais amach anseo le ceadú na Dála agus an tSeanaid;
• go mbeidh Éire in ann toiliú, ag Comhairle na hEorpa, le hathruithe áirithe ar chonarthaí an AE; d’fhéadfadh reifreann a bheith riachtanach le haghaidh na n-athruithe seo nó d’fhéadfadh ceadú na Dála agus an tSeanaid a bheith riachtanach;
• go leanfar ar aghaidh leis na socruithe reatha le haghaidh neodracht mhíleata na hÉireann.
Céard atá i gceist le Conradh Liospóin
Tá sé beartaithe leis an gConradh go leasófar an dá phríomhchonradh lena rialaítear an tAE, ach níl sé beartaithe go dtiocfadh Conradh Liospóin ina n-ionad. Is iad an dá phríomhchonradh sin ná:
• an Conradh lenar bunaíodh an Comhphobal Eorpach (Conradh an CE);
• an Conradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht).
D’athrófaí ainm Chonradh an CE de thoradh an Chonartha freisin, go dtí an "Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh".
Céard a tharlóidh má vótálann tú SEA?
Má vótálann tromlach na vótálaithe "sea" athrófar Bunreacht na hÉireann ansin agus daingneoidh Éire an Conradh. Má dhaingníonn Ballstáit eile uile an AE an Conradh freisin, tiocfaidh sé i bhfeidhm ansin. Tá sé ráite ag na Ballstáit go bhfuil futhu an Conradh a thabhairt i bhfeidhm i mí Eanáir 2009 más féidir.
Céard a tharlóidh má vótálann tú NÍ HEA?
IMá vótálann tromlach na vótálaithe "ní hea", ní athrófar an Bunreacht ansin agus ní fhéadfaidh Éire an Conradh a dhaingniú. Ní fhéadfaidh an Conradh teacht i bhfeidhm ach amháin sa chás go ndaingneoidh gach Ballstát é. Leanfadh an tAE ar aghaidh le bheith ag feidhmiú faoina rialacha reatha.



